Product Description
Bailiúchán drámaí, filíocht, agallaimh beirte agus amhráin ó pheann Johnny
Chóil Mhaidhc tugtha le chéile in aon leabhar amháin.
Tá saothar anseo as na leabhair An Tincéara Buí, Buille Faoi Thuairim Gabha,
An Cruastóir agus an Mhéar Fhada agus chomh maith le saothar eile
neamhfhoilsithe.
B’as Indreabhán i gConamara Johnny Chóil Mhaidhc (1929–2006). Bhí cáil air
mar aisteoir, mar dhrámadóir agus mar fhile, ach thar aon ní eile, mar chainteoir tráthúil, greannmhar. Léiríodh a chuid drámaí i hallaí pobail ó cheann ceann na nGaeltachtaí chomh maith le in amharclann an Damer i mBaile Átha Cliath agus sa Taibhdhearc i nGaillimh.
Is iondúil go nglacfadh Johnny féin an phríomhpháirt agus bhíodh cliar láidir
aisteoirí Gaeltachta ina theannta agus mheall siad lán an tí chuig gach léiriú.
Rinne sé leagan drámatúil de Cré na Cille, a craoladh ar Raidió na Gaeltachta
agus eisíodh ar CDs é ina dhiaidh sin.
Bhronn Ollscoil na Gaillimhe céim onóra air i 2005 agus bhí sé ina bhall d’Aosdána.
Euro
British Pound